Eolas Breise
Tuilleadh Forbartha: 1998 - 2011
Siocar go raibh fás ag teacht ar líon na ndaltaí, ní raibh go leor seomraí ranga againn sa scoil agud d'iarr An Cigire Uí Ghrianna orainn iarratas a dhéanamh, fá choinne seomra uilechuspóireach agud dhá sheomra ranga a fháil. Mar gheall ar an méadú seo sna huimhreacha ceapadh Áine Ní Churráin mar mhúinteoir sa scoil sa bhliain 1998.
D'éirigh Seamus Ó Duibhir as an mhúinteoireacht sa bhliain 2004, tar éis deich mbliana is fiche i nDobhar agus daichéad a haon bliain mar mhúinteoir. Ba é Seán Seosamh Mac Iomhair as Doire Chonaire a ceapadh in áit an mháistir Ó Duibhir.
Tosaíodh ar an obair thógala sa bhliain 2006, nuair a fuair an conraitheoir Terence Ponsonby as Leitir Ceanainn, conradh le méadu a chur leis an scoil faoi Bhord na nOibreacha Poiblí.
D'éirigh Máire Bn Uí Dhubhchoin as a cuid dualgaisí mar mhúinteoir sa bhliain 2006, tar éis tríocha cúig bliain mar oide agus ceithre bliana déag acu sin caite i nDobhar. Ceapadh Cáit Nic Annaidh as Tír Eoghain in áit Bn. Uí Dhubhchoin.
Bhí deá-scéala eile againn sa bhliain 2005, nuair a fuair an scoil múinteoir breise eile agus ceapadh Sarah Ní Ghallachóir as an Choiteann mar an séú oide sa scoil.
D'fhág sin go bhfuil seachtar múinteoir sa scoil anois, chomh maith le beirt chuntóir speisialta agus beirt stiúrthoir sa Naíonra.
Sa bhliain 2003 ceapadh Fiona Nic Suibhne as Carraig an tSeascáin mar Chomhordaitheoir scoile baile agus tuaithe sa scoil. D'fhág Fiona an post sin i 2007 nuair a fuair sí post i Leitir Ceanainn agus ceapadh Reylene Mhic Giolla Chomhaill ina háit.
Cara Pinn sa Fhrainc
2010 - 2011
Bhí muid ag déanamh Fraincis sa scoil le Rang 5 agus 6 le 5 bliana anuas. Is é an Mhaistreás Anne a bhí a theagasc. Bhíodh na páistí ábalta phrásaí agus comhrá bunúsach a dhéanamh ag deireadh an dara bliain.
Bhí seo ina chuidiú mhór ag na páistí nuair a théad siad chuig an Phobal Scoil.
2010 fuair muid i dteagmháil le scoil i dtuaisceart na Fraince in áit darbh ainm Vron agus thosaigh muid ag scríobh chuig na páistí mar "Cara Pinn". Baineann na páistí sult as an comhfhreagras seo. 2011 d'úsáid muid SKYPE le teagmháil a dhéanamh leo.