Foireann Scoil Phádraig, Dobhar
Príomhoide - 2011 ar aghaidh
Anne Curran
D’fhág an gasúr is óige de mo thriúr gasúr an scoil an bhliain seo caite. Tá lúcháir orm a rá gur bhain siadsan sult as a dtréimhse sa scoil agus d’fhág siad uilig agus muinín agam go raibh siad réidh le tabhairt faoin chéad chéim eile dá saol scolaíochta i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Leas Phríomhoide - Eileen Nic Suibhne
Múinteoir ( Rang na Naíonáin)

Múinteoir Rang 1 agus 2
Sarah Ní Ghallchóir

Thosaigh mise ag teagasc i Scoil Phádraig, Dobhar i mí Mheán Fómhair 2005. Rang na naíonán a bhí agam ar dtús agus rinne mé mo chleachtadh Múinteoireachta anseo faoi Mháistreás Ní Dhughcháin. D’fhoghlaim mé an méid sin uaithi go mbeidh mé buíoch aistí go deo. Ba é Pól Mhic Aodha a bhí ina phríomhoide anseo go dtí arú anuraidh agus chuidigh sé go mór liom le linn mo chuid ama anseo. Is Anne Curran an príomhoide atá againn i lathair na huaire agus tá sí ag déanamh obair mhaith leis an scoil. Tá mé ag teagasc Rang 1 agus 2 anois agus sílim go bhfuil siad múinineach agus chomh sásta go bhfuil siad ag freastal ar an scoil seo.
Múinteoir (Rang 5 agus 6)
Colm Feiritéar

Scoil bhreá atá ann Scoil Phádraig, Dobhar. Tá páistí deasa ann agus tá gaol mhaith idir tuismitheoirí agus foireann na scoile. Bíonn sé ina phléisiúr mhór siúl fríd an gheata ar maidin. Tá oidhreacht shaibhir anseo agus tá sé ina thaithí maith a bheith ag obair i measc daoine ildánacha. Scoil Phádraig abú!
Múinteoir Tacaíocht Foghlama
Cáit Nic Annaidh

Tá mé ag obair i Scoil Phádraig, Dobhar ó bhí 2005 ann. Bhí mé ag ionadaíocht anseo i dtús ama, agus nuair a d’éirigh Máire Uí Dhubhchóin as i 2006 chuir mé isteach air agus fuair mé post buan sa scoil. Tá páistí galánta i scoil s’againne, rud a aithníonn gach duine a thagann ar cuairt ar an scoil. I dtús báire bhí na naíonáin agam ar feadh cúpla bliain. Ansin thosaigh mé ag obair mar Mhúinteoir Tacaíocht Foghlama. Téann an t-am isteach go gasta! Na peataí beaga a bhí agam sna naíonáin, tá siad mór anois agus i rang 5/6!
Múinteoir Acmhainne
Daithí Roibéaird

Thosaigh mé ag obair i Scoil Phádraig, Dobhar i Méan Fómhar 2012. Bhí mé i Scoil Eoin Pól i Loch an Iúir roimhe sin. Is as Béal Feirste i gCo. Aontroma dom agus d’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge fá Dhún Lúiche agus Gaoth Dobhair. Tá níos mó ná aon bhliain agus fiche teagaisc déanta agam agus bainim lán sult as an teagaisc gach lá. Tá dúil agam sa spórt agus i gcúrsaí drámaí agus ceoil.
Rúnaí
Máirín Mhic Giolla Eannaigh

Tá mé ag obair mar rúnaí i Scoil Phadraig, Dobhar le dhá bhlian anuas agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag baint sult mór as an obair. Réitíonn achan duine go maith le chéile idir scoláirí agus múinteoirí. Bím ag obair san oifig ag déanamh obair riaracháin agus ag cuidiú le na múinteoirí ma thagann imeacht ar bith aníos. Tá na páistí go deas múinte anseo agus bíonn craic mhaith agam leo chomh maith.
Cúntóir Riachtaináis Speisialta
Elaine Uí Dhaimhín

Thosaigh mé ag obair sa scoil seo sa bhliain 2007 mar chúntóir riachtáinaisí speisialta agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag baint taitneamh mór as mó chuid oibre. Tá an post seo dúshlanach ach faigheann tú luach do shaothair nuair a fheiceann tú feabhas ag teacht orthu. Tá mo pháistí féin ag freastal ar an scoil seo agus chuaigh mé féin chun na scoile seo fosta.
